Cumann Carad na Gaeilge

Friday, May 26, 2006

Féile Scannáin Inse Fada 2 - An Dochtúir Séamus De Bláca

Ag leanúint ar aghaidh leis an sraith faoi Fhéile Scannáin Inse Fada (The Long Island Film Festival). Bhí deis agam caint le Séamus De Bláca (Seamus Blake), réalta raidió i Nua-Eabhrac. Tá a chlár, Míle Fáilte, ar fáil ag www.wfuv.org. Podchraoladh Tríocha a Seacht (9:51) Faoi na scannáin: Yu Ming is Ainm Dom Daniel O'Hara Fíorghael

Saturday, May 20, 2006

Féile Scannáin Inse Fada - 1 - Síle Webster

Scéal faoi dheireadh Lá na Gaeilge dom, agus dán faoi sin. Is tús seo le sraith faoi Fhéile Scannáin Inse Fada (The Long Island Film Festival), ag a mbíonn scannáin as Gaeilge, buíochas le Proinsias Leik, stiúrthóir na féile. Chuir mé agallamh ar bhean an-deas as Corca Dhuibhne, Síle Webster, i ndiaidh na scannán. Podchraoladh Tríocha a Sé (9:54) Rinneamar trácht ar an bhFeis Nassau agus an comórtas amhránaíochta. Feis an AOH is ea é.

Saturday, May 13, 2006

Lá na Gaeilge: An Bráthair Ó Cuinn

Ollamh i gColáiste Í is ea an Bráthair Ó Cuinn, agus duine mór le rá i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac. Bhuail mé leis den chéad uair ag Lá na Gaeilge i New Rochelle. Bhí comhrá deas againn faoi na cumainn Ghaeilge i Nua-Eabhrac, agus rudaí eile. Podchraoladh Tríocha a Cúig (14:41) Scríobh an Bráthair Ó Cuinn an leabhar seo: agus bhí an téip seo leis: Rinne sé tagairt don cholún rialta a scríobhaimse don National Hibernian Digest, Tomhas na Teanga. Agus tá a fhios agam...an duine a raibh mé ag caint leis... agus cúpla rud eile a dúirt mé, ní raibh siad ceart. Ach is cuma, mar bhí comhrá deas nadúrtha againn mar sin féin. Sin teanga bheo.

Sunday, May 07, 2006

Lá na Gaeilge: Agallamh le Muiris Ó Bric

Caint eile le duine suntasach ar Lá na Gaeilge. Is udár leabhair agus alt é, Muiris Ó Bric, agus rugadh agus tógadh ar na Gorta Dubha i gCorca Dhuibhne é. Sular imigh sé ar imirce, bhí sé ina iascaire i naomhóg! Bhí scéal ag Muiris in Feasta le déanaí. Podchraoladh Tríocha a Ceathair (10:03) Seo clúdaigh a leabhair:
(Is nasc é an ceann seo thuas chun íomhá níos mó)