Cumann Carad na Gaeilge

Monday, January 30, 2006

Féin-fhoilsiú Leabhair: An File ar Buile, le Séamas Ó Neachtain

Caint agus sonraí faoi mo leabhar, An File ar Buile, agus an dóigh gur fhoilsigh mé é. Déanaim trácht ar an seoladh. Agus seo nasc le heolas eile faoi. Tá dán ón leabhar (Rúin mo Reatha) ag an deireadh, atá ar an DD. Más maith le duine luach na dollars a aistriú go hairgeadra eile, seo nasc. Podchraoladh a Sé Déag (13:12)

Friday, January 27, 2006

Agallamh le Réamonn Ó Cléirigh

Caint le Réamonn faoina chuid taighde ar a shinsir, agus faoin dóigh a d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Is duine de bhunaitheoirí Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín é, agus is file, ceoltóir (leis na Buachaillí Dána), múinteoir, agus fear críonna é, a chaitheann gach samhradh in Éirinn. Podchraoladh a Cúig Déag (15:15)

Tuesday, January 24, 2006

Ceolchoirm: Na Buachaillí Dána (Cuid a Ceathair)

Ceol eile ón gceolchoirm chéanna, Mí na Nollag 2005. Seo an deireadh de. Píosaí de dhá amhrán Béarla le Brian DeVale, agus ansin Báidín Fheidhlimí agus Slán le Pádraig Sáirséal. Podchraoladh a Ceathair Déag (11:30)

Friday, January 20, 2006

Agallamh le Pádraig Ó Clúmháin

Rugadh agus tógadh in Éirinn Pádraig. Ag caint linn faoi labhairt na Gaeilge dó i Meiriceá agus in Éirinn. Is múinteoir na Gaeilge é, ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín. Is ceoltóir é leis na Buachaillí Dána. Agus is ball eile den chumann seo é. Podchraoladh a Trí Déag (12:33)

Tuesday, January 17, 2006

Foilisiú Leabhair: Ceol le James Norton

Eolas faoin bhfoilsiú, agus scéal leabhair cheoil don dord leictreach a chum James Norton (Séamas Ó Neachtain) fadó. Podchraoladh a Dó Dhéag (9:49)

Thursday, January 12, 2006

Ceolchoirm: Na Buachaillí Dána (Cuid a Trí)

Ceol eile ón gceolchoirm chéanna, Mí na Nollag 2005. Marcaigh Thaibhsiúla sa Spéir, sliocht ó The Boys of Blue Hill (éist le leagan eile de ar an Imeall #33), agus Mo Ghile Mear. Podchraoladh a hAon Déag (8:22)

Monday, January 09, 2006

Dán agus Ceol le Séamas Ó Neachtain

Bhí an dán seo san irisleabhar Comhar, Bealtaine 2004. Tugadh 'Seán' orm, ach ceartaíodh sin san eagrán ina dhiaidh!  Podchraoladh a Deich (7:31)

Thursday, January 05, 2006

Gaeilge Bhriste sa Ghaeltacht; Craic agus The Hooker

Agallamh spraíúil le Brian De Vale, ceoltóir agus cainteoir. Tá eolas faoi dhlúthdhiosca Bhriain ar fáil anseo. Tá amhrán de le cloisint ina iomlán ar an Imeall, uimhir 54. Podchraoladh a Naoi (8:48)

Tuesday, January 03, 2006

Ceolchoirm: Na Buachaillí Dána (Cuid a Dó)

Cúpla amhrán eile ón gceolchoirm chéanna, Mí na Nollag 2005. Ghabh Brian De Vale ceann as Béarla óna dhlúthdhiosca, agus ansin ghabh mise Donnachadh Bán, ar an sean-nós. Athbhliain faoi mhaise daoibh! Podchraoladh a hOcht (9:29)