Cumann Carad na Gaeilge

Wednesday, May 30, 2007

Ag Caint le Mórán Daoine, Lá na Gaeilge NR 2007

Ag caint le Cormac Mac Fhionnlaoich, Pól Ferris, Seán Tierney, Sóisear Mhic Chionnaidh, Hilary Mhic Shuibhne, Noel Cotter, Bríd De Vera agus Rath de Houst. Seo deireadh na sraithe seo. Podchraoladh Ochtó a hAon (14:48)

Monday, May 21, 2007

Comhrá le Maitiú Tulley ar Lá na Gaeilge, NR 2007

Gaeilgeoir eile ag caint liom in New Rochelle. Is as Contae Muineacháin é. Agus éist go raibh crannchur againn! Seo tús le fuíoll agus cunamar a bhailigh mé ar an lá sin. Agus tá níos mó le teacht, lcD! Podchraoladh Ochtó (11:42) Tá Maitiú sa ghrianghraf seo. Tá sé sa lár, ag caitheamh léine báine.

Monday, May 14, 2007

Ag Caint le Mícheál Newell ar Lá na Gaeilge

Agus mise ag stumbláil ar mo theanga, bhí comhrá deas agam le cainteoir ó dhúchas as Ros Muc i gConamara, atá ina chónaí i mBoston le blianta. Seo daoibh agallamh eile ó Lá na Gaeilge i New Rochelle, le Mícheál Newell. Podchraoladh Seachtó a Naoi (8:29) Tá Mícheál i lár an ghrianghraif ar bhlag Hilary.

Monday, May 07, 2007

Am Lóin ar Lá na Gaeilge

Ag caint le Séamus De Bláca agus Mollaí Mhic Chionnaigh ar Lá na Gaeilge i New Rochelle. Comhrá faoin nGaeilge i nGaoth Dobhair agus i Nua-Eabhrac. Agus Tomás Munsch ag ithe go ciúin. Cúpla seachtain ina dhiaidh seo, bhí sé d'onóir agam bheith ar chlár raidió Shéamuis ag cabhrú leis an mbailiúchán airgid a dhéantar dhá uair an bhliain. Agus d'érigh go maith linn, go raibh maith agaibh! Podchraoladh Seachtó a hOcht (10:08)