Cumann Carad na Gaeilge

Tuesday, October 31, 2006

Níos Mó - Agus Níos Lú

Ceol eile ón oíche chéanna, leis na Buachaillí Dána agus na Cogs. Podchraoladh Caoga a hOcht (15:35) Ní dóigh liom go mbeidh podchraoladh nua an gach aon seachtain as seo amach. Ach beidh cinn nua ann, le cúnamh Dé!

Tuesday, October 24, 2006

Gan Ord Gan Eagair - Agus The Cogs!

Chaith mé ní ba mhó ama ná mar is gnáth ag déanamh an phodchraolta an tseachtain seo, agus tharla sin mar ní raibh aon rud le rá agam! Ach bhí, d'ainneoin sin uile. Agus tá ceol agam, ó Na Buachaillí Dána, agus cúpla cara, Kevin agus Dennis Parkin, nó The Cogs. Is dócha go gcloisfear níos mó ón oíche áirithe seo am éigin amach anseo. Bhuel, bhí mo bhean chéile ann ag éisteacht linn, agus cara Lugh, freisin. Bhí píosa spóirt againn, agus tá súil agam go bhfuil sé taitneamach daoibhse. Podchraoladh Caoga a Seacht (13:47)

Saturday, October 14, 2006

Breandán Ó Dubhshláine

Comhrá le Breandán Ó Dubhshláine, atá ag fáil seilbhe ar a chuid Gaeilge arís tar éis daichead bliain! Podchraoladh Caoga a Sé (13:30)

Sunday, October 08, 2006

Leo Ó Murchú agus Ceiliúradh ar Sheasca Bliain ag Rannóg a Dó den AOH

Comhrá le Leo Ó Murchú, a bhí ina chathaoirleach ar an gceiliúradh ar sheasca bliain do rannóg a dó in Babylon, Nua-Eabhrac, d'Ord Ársa na hÉireann. Bhí cóisir mhór ann. Sheineamar ceol ann - nach gcloistear anseo. Grrr. Podchraoladh Caoga a Cúig (10:55)