Cumann Carad na Gaeilge

Saturday, June 24, 2006

Mark Bodah, Cuid a Dó (Críoch)

Comhra le Mark faoin ngrianghrafadóireacht, an gceol agus stuif eile.

Podchraoladh Daichead a hAon (14:28)


Faoi dhein an dorais - Blag Mhairc

Mark and Dave

Daltai na Gaeilge

Saturday, June 17, 2006

Podchraoladh a Daichead! Mark Bodah, Cuid a hAon

Bhuail mé le Mark uair amháin ag Lá na Gaeilge. Chuala sibhse é ar a phodchraoladh féin, Taifead Taibhreamh, agus ar An tImeall. Bhí comhrá againn faoi gach aon rud, agus sa chuid seo, táimid ag caint faoin áit a n-oibríonn sé, The Eric Carle Museum of Picture Book Art. Luann sé an t-ealaíontóir Eric Carle, mar bíonn a shaothar ar taispeáint ann.


Podchraoladh a Daichead (18:56)

Bhí mé ag Ollscoil Amherst in Iúil 1988, ag comhdháil ghrianghraifeadóirí. Seo cúpla 'sleamhnán' a rinne mé ag an am sin, fadó fadó.







Sunday, June 11, 2006

Tomhas na Teanga - Ceithre Bliana

Táim ag scríobh colúin sa nuachtán The National Hibernian Digest le ceithre bliana anuas. Bíonn an colún, Tomhas na Teanga, ar an idirlíon agam. Bíonn ceann nua ann gach ré mí. Sa phodchraoladh seo, léim an ceann is nuaí. Ar an drochuair, ní raibh sé sa nuachtán! Agus ar an drochuair eile, bhí mé ag caint faoi phodchraoladh Lá, nach bhfuil ann a thuilleadh! Ó bhuel. Seo daoibh é mar sin féin.


Podchraoladh Tríocha a Naoi (9:35)

Sunday, June 04, 2006

Féile Scannáin Inse Fada 3 - Proinsias Leik

Fuair mé ríomhaire nua an tseachtain seo - agus seo an chéad eagrán a rinne mé air.
Léigh mé an dán seo ag an bhféile. Tá dánta agam san irisleabhar Comhar arís an mhí seo (bhuel, i bhfírinne, an mhí seo caite - táim trína chéile leis an ríomhaire nua seo!).
Chuir mé agallamh gearr ar Phroinsias Leik (Francis J. Leik), stiúrthóir na féile seo. Bhíomar ag caint faoi Shéamus De Bláca agus faoin bhféile i gcoitinne. Tá pleananna móra aige don bhliain seo chugainn, d'inis sé dom an Déardaoin seo caite. An bhfuil scannán as Gaeilge agat?


Podchraoladh Tríocha a hOcht (7:40)