Cumann Carad na Gaeilge

Saturday, June 17, 2006

Podchraoladh a Daichead! Mark Bodah, Cuid a hAon

Bhuail mé le Mark uair amháin ag Lá na Gaeilge. Chuala sibhse é ar a phodchraoladh féin, Taifead Taibhreamh, agus ar An tImeall. Bhí comhrá againn faoi gach aon rud, agus sa chuid seo, táimid ag caint faoin áit a n-oibríonn sé, The Eric Carle Museum of Picture Book Art. Luann sé an t-ealaíontóir Eric Carle, mar bíonn a shaothar ar taispeáint ann. Podchraoladh a Daichead (18:56) Bhí mé ag Ollscoil Amherst in Iúil 1988, ag comhdháil ghrianghraifeadóirí. Seo cúpla 'sleamhnán' a rinne mé ag an am sin, fadó fadó.

0 Tráchtanna:

Post a Comment

<< Home