Cumann Carad na Gaeilge

Saturday, May 13, 2006

Lá na Gaeilge: An Bráthair Ó Cuinn

Ollamh i gColáiste Í is ea an Bráthair Ó Cuinn, agus duine mór le rá i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac. Bhuail mé leis den chéad uair ag Lá na Gaeilge i New Rochelle. Bhí comhrá deas againn faoi na cumainn Ghaeilge i Nua-Eabhrac, agus rudaí eile. Podchraoladh Tríocha a Cúig (14:41) Scríobh an Bráthair Ó Cuinn an leabhar seo: agus bhí an téip seo leis: Rinne sé tagairt don cholún rialta a scríobhaimse don National Hibernian Digest, Tomhas na Teanga. Agus tá a fhios agam...an duine a raibh mé ag caint leis... agus cúpla rud eile a dúirt mé, ní raibh siad ceart. Ach is cuma, mar bhí comhrá deas nadúrtha againn mar sin féin. Sin teanga bheo.

1 Tráchtanna:

  • Scríobh Ó Cuinn an cúrsa "Irish For Everyone" (leabhar le téipeanna, as chló anois) chomh maith. Ba bhreá an cúrsa Gaeilge é sin.

    By Blogger Cionaodh, at 7:31 AM  

Post a Comment

<< Home