Cumann Carad na Gaeilge

Sunday, August 02, 2009

Seoladh An Gael (Nua)

Ar an 12ú Meitheamh, seoladh irisleabhar an chumainn seo, irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge, An Gael, ag Consalacht na hÉireann i Nua-Eabhrac. Míle buíochas le Breandán Ó Caollaí, an Leas-Ardchonsal. Seo daoibh, as Gaeilge agus as Gaeilge, na hóráidí ón oíche bhreá sin.

Podchraoladh Céad Fiche a Sé (38:56)


Labels:

Sunday, July 19, 2009

Lón Nollag arís

Ar chúis éigin, ní raibh an ceann seo ag íoslódáil mar phodchraoladh. Seo arís é.

Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)

Saturday, July 18, 2009

Lá Gaeilge Í 2009

Labhair Seán Céitinn linn faoin nGaeilge i mBéal Feirste, as Gaeilge agus as Béarla. Cuireann Hilary Mhic Suibhne na cainteoirí eile in aithne don lucht éisteachta. Ag an lá seo, bhí Ailbhe Nic Ghearbhuigh ann agus léigh sí as a leabhar filíochta Péacadh. Labhair Eibhlín Zurell faoi ar dtús. Ní raibh cead agam Ailbhe a thaifeadadh, ach seo daoibh na daoine eile. Maith dom an Béarla arís!

Podchraoladh Céad Fiche a Cúig (31:19)

Monday, July 13, 2009

I nDilchuimhne ar Nollaig Ó Gadhra

Fadó, fadó, bhí Lón Nollag Uí Ghadhra ar bun (16 Samhain 2008). Tháinig a chairde le chéile i Nua-Eabhrac. Bhí sé d'onóir dom bheith i m'fhear an tí, agus cúpla focal a rá as Gaeilge. Bhí daoine cáiliúla i measc lucht na Gaeilge ann, agus bhí iníon agus beantrach Nollag ann, freisin (maraon le mórán daoine eile nach mbíonn baint agam leo de ghnáth). Rinneadh físeán den ócáid ar fad. Bhí sé ar intinn agam mo thaifead féin de a chur ar an bpodchraoladh seo, ach ní dhearna mé é, agus níl agam ach Siobhán agus cúpla focal de mo chuid féin. Tá Béarla ann den chuid is mó ar mo thaifead féin. Ach faoi dheireadh, agus mar sin, seo dhaoibh é.

Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)

Labels:

Monday, March 16, 2009

Seoladh Súil Siar - Éamonn Ó Cuív (deireadh)

An deireadh faoi dheireadh! Beagán as Béarla...

Podchraoladh Céad is Fiche a Trí (4:42)

Monday, February 16, 2009

Seoladh Súil Siar - Liam Mac Giodaire

Seo caint le Liam Mac Giodaire, ar son Dhaltaí na Gaeilge.

Podchraoladh Céad is Fiche a Dó (7:43)

Má tá tú ag éisteacht, scríobh chugam agus inis dom do thuairim faoin bpodchraoladh seo!

Saturday, February 07, 2009

Seoladh Súil Siar - Hilary

Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a trí.

Seo caint eile ón oíche sin le Hilary Mhic Suibhne.

Podchraoladh Céad is Fiche a hAon (7:03)