Cumann Carad na Gaeilge

Sunday, February 26, 2006

Caint le Conn (cuid a dó den agallamh céanna)

Caint le Conn Ó Muíneacháín. Conas a dhéantar an podchraoladh? An bhlagadóireacht? An físchraoladh? Tá mórán eolais sa chomhrá seo don té ar mhaith leis a leithéid a dhéanamh - agus fíu don té ag a bhfuil suim aige/aici sna rudaí rúndiamhra seo! Tá súil againn go bhfuil níos mó na óinmhideacht ar siúl againn! Dála an scéil, más maith le héinne Conn a fheiscint, féachaigí ar ar an Aoine. Bíonn colún aige ann, agus a ghrianghraf ina theannta. Podchraoladh Fiche a hAon (23:39)

Wednesday, February 22, 2006

Caint le Conn Ó Muíneacháin - an tImeall féin (cuid a haon)

Comhrá ginearálta faoin a bhfuil ar siúl ar an idirlíon, go háirithe an podchraoladh agus an bhlagadóireacht. Caint faoi Lá agus na meáin Ghaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain. Agus rudaí eile ar imeall na n-ábhar seo, idir an eacnamaíocht agus an chniotáil! Podchraoladh Fiche (21:58)

Saturday, February 18, 2006

Fógra: Tá Físchraoladh as Gaeilge sa Saol!

Fógra faoin bhfíschraoladh (vodcast) nua ó Chumann carad na Gaeilge. Ceol le Lugh De Paor agus na Buachaillí Dána. Podchraoladh a Naoi Déag (11:06) Féach an blag nua ar a bhfuil na comhaid fhíschraolta!

Monday, February 13, 2006

Ag Caint le Lugh De Paor

Is ceoltóir Lugh atá ina bhall de na Buachaillí Dána. Is duine gníomhach ar Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín, agus ball den chumann seo é. Is múinteoir scoile agus leabharlannaí é. San agallamh seo, táim ag caint leis faoin dóigh a fuair sé a chuid Gaeilge, agus réimse ábhar eile. Podchraoladh a hOcht Déag (18:20)

Monday, February 06, 2006

Déanamh Dlúthdhioscaí - Séamas Ó Neachtain

Tá teach lán le dlúthdhioscaí againn! Eolas sa cheann seo faoin dá dhlúthdhiosca a rinne mé, An File ar Buile (dhá DD le gach dán Gaeilge (seachas na hamhráin) ón leabhar den teideal céanna), agus Cleas Amhrán (na hamhráin sin agus mórán nach iad). Podchraoladh a Seacht Déag (17:50)