Cumann Carad na Gaeilge

Sunday, August 27, 2006

Cionaodh (agus Artúr) cuid a trí (deireadh)

Fós ag caint is ag ithe in Worcester Massachusetts le Cionaodh Mac Pheadair. Ag ligint ár scíth, is ag súgradh. Podchraoladh Daichead a Naoi (17:37) Luamar clár plé nua Beo! agus clár plé Dhaltaí na Gaeilge.

Saturday, August 19, 2006

Cionaodh (agus Artúr), Cuid a Dó

Fós ag caint is ag ithe in Worcester Massachusetts le Cionaodh Mac Pheadair (Ken Peterson). Ag caint faoin nGaeilge, an chuid is mó. Ná hith na criáin! Podchraoladh Daichead a hOcht (10:38) Seo Cionaodh in Éirinn, blianta ó shin. Nach raibh sé ina mhac doscúch! Agus seo mise ar shliabh Washington:

Sunday, August 13, 2006

Cionaodh (agus Artúr), Cuid a hAon

Bhí mé ar saoire an tseachtain seo caite, agus ar an turas sin, stad mé in Worcester Massachusetts chun mo lón a ithe i dteannta le Cionaodh Mac Pheadair (Ken Peterson). Bhí a mhaicín Artúr leis, agus bhí mo mhac, m'iníon agus mo bhean chéile liomsa. D'itheamar i mbialann "The Emerald Isle," agus bhíomar inár suí, de thaisme, faoi chomhartha agus Gaeilge air - rud a rinne dalta Chionaoidh, mar atá. Chaitheamar tamall ag caint, agus seo dhaoibh an chéad phíosa den chomhrá sin. Podchraoladh Daichead a Seacht (8:02) Seo Blag Chionaoidh. Seo Craobh Chonradh na Gaeilge Shasana Nua Seo grúpa Yahoo atá aige, agus grúpa eile ar a bhfuil sé ina mhodhnóir. Tá blag ag a bhean chéile, Nicole, freisin, ach níl blag ag Artúr fós.