Cumann Carad na Gaeilge

Thursday, December 29, 2005

Ceolchoirm: Na Buachaillí Dána (Cuid a hAon)

Ar 13 Nollaig 2005, ag leabharlann Garden City, ar Inis Fada, i Nua-Eabhrac, thug an grúpa ceoil seo ceolchoirm don Irish Cultural Society. Bhí roinnt mhaith de as Gaeilge. Seo daoibh cúpla amhrán ón oíche bhreá sin, Peigín Leitir Mór agus Trasna na dTonnta. Podchraoladh a Seacht (7:11)

Tuesday, December 27, 2005

Seanchaí Inse Fada

Ceann fada an uair seo (breis is 17 nóiméad), ag caint le Gearóid Ó Ceallaigh arís eile, faoi na rudaí is ansa leis: an mhiotaseolaíocht agus an ginealach. Podchraoladh a Sé Seo an taighde a ndearnadh trácht air, ó SGGT: An Miotas Caillte Ceilteach Cruthaithe (17:51)

Monday, December 19, 2005

Scoraíocht na Nollag ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín

Gach bliain bíonn cóisir againn roimh an Nollaig. Bhí cóisir na bliana seo againn an tseachtain seo chaite (15 Nollaig). Scoraíocht a bhíonn ann, agus daoine na scoile ag déanamh an tsiamsa. Seo daoibh samplaí den chraic sin, agus beannachtaí na Nollag oraibh go léir! Podchraoladh a Cúig (10:58)

Monday, December 12, 2005

Gearóid Arís, Faoin dTionscadal Scannánaíochta

Cén fáth Gaeilge i Meiriceá? Sin ábhar an scannáin atá idir lámha. Ag caint beagán an uair seo le Gearóid Ó Ceallaigh arís, a bheidh sa scannán, faoi fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá. Podchraoladh a Ceathair (7:03)

Thursday, December 08, 2005

Agallamh le Séamas Pádraig Blaise, Scannánaí

Tá Séamas ina chónaí i dTexas, Meiriceá. Tháinig sé go dtí Inis Fada i Nua-Eabhrac chun sinne a scannánú, agus tá tionscadal idir lámha aige faoin nGaeilge i Meiriceá. Podchraoladh a Trí (5:10)

Sunday, December 04, 2005

Agallamh le Gearóid Ó Ceallaigh

Seo daoibh an dara heagrán den tsraith seo, agus an chéad agallamh. Tá Séamas Ó Neachtain ag caint le Gearóid Ó Ceallaigh, faoi Chumann Carad na Gaeilge. Podchraoladh a Dó (9:56)