Cumann Carad na Gaeilge

Tuesday, November 29, 2005

Podchraoladh a hAon!

[RSS feed] Seo daoibh an chéad cheann. Píosa beag fúm féin, faoin gcumann, agus faoi gach atá ar intinn againn déanamh anseo. Podchraoladh a hAon (5:31)

Agallaimh leis an gCumann

Is mise Séamas Ó Neachtain. Táim i mo chathaoirleach ar Chumann Carad na Gaeilge (The Philo-Celtic Society). Tá súil againn go mbeimid ag déanamh podchraolta ar an suíomh seo, go luath. Tá súil agam go mbeidh agallamh le duine ann go rialta. Tús maith, leath na hoibre, agus mar sin, rinne mé an blog nua seo.
Mura bhfuil a fhios agat cad is podchraoladh ann, tá eolas ag athair an phodchraolta Ghaeilge, sin a rá, ag an Imeall!