Cumann Carad na Gaeilge

Sunday, March 30, 2008

Seachtain na Gaeilge, Lá Gaeilge agus Fiche Bliain - cuid a dó

Seo níos mó ón lá sin. Tá roinnt de na daoine a bhunaigh Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín le cloisteáil ar an gceann seo i rang Ghearóid Féin, agus iad ina dtosaitheoirí, sna naoi déag ochtóidí. Agus seo an chéad chuid de mo léacht féin ar stair na Gaeilge ar Inis Fada. Faraor, níl an léacht go leor agam... Tá roinnt mhaith Béarla le cloisteáil ar an bpodchraoladh seo. Ach tá cúis leis sin, mar is rud stairiúil atá i gceist, agus blaiseadh den lá seo a bhí againn, freisin. Podchraoladh Céad is a Seacht (10:29) Seo stair a ndearna mé tagairt di sa léacht seo: Stair Chumann Carad na Gaeilge Barra Ó Donnabháin Liosta múinteoirí Nua-Eabhraic (Inis Fada san áireamh) ón anallód (na hochtóidí). Tá an liosta seo as dáta le fada an lae. Ach i suimiúil mar stair é.

Wednesday, March 12, 2008

Seachtain na Gaeilge, Lá Gaeilge agus Fiche Bliain

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, bhí Lá Gaeilge againn ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ar an deireadh seachtaine seo. Ceiliúradh a rinneadh freisin ar an scoil, a bunaíodh fiche bliain ó shin. Mar chuid den lá, thug Réamonn Ó Cléirigh oráid faoi Ghearóid Tóibín agus tús na scoile. Seo é: Podchraoladh Céad is a Sé (26:55) Seo grianghraif den lá.

Monday, March 03, 2008

Fís Ghaeilge Mhericeá Thuaidh - An Seoladh, Cuid a Trí (Críoch)

Oráidí le Séamas Ó Neachtain (mise, cathaoirleach ar Chumann Carad na Gaeilge) agus le Breandán Ó Caollaí (leas-ardchonsail na hÉireann i Nua-Eabhrac). Podchraoladh Céad is a Cúig (13:11)