Cumann Carad na Gaeilge

Saturday, September 30, 2006

Gnáthchúrsaí an tSaoil

Tá mórán le rá agam ag rá nach bhfuil mórán le rá agam an tseachtain seo... Podchraoladh Caoga a Ceathair (12:29) Déanaim trácht ar: Faoi Dhéin an Dorais Taifead Taibhreamh An Líonra Sóisialta Agus brú ama orm, bhí sé orm sean-eagráin eile den phodchraoladh seo a chur ar an gcartlann, chun spás a dhéanamh don cheann nua seo!

Tuesday, September 26, 2006

An Ceann Céanna Arís - Ach an Comhad go Léir an Uair Seo!

Gabhaigí mo leithscéal. Níor thug mé faoi deara go raibh an diosca lán, agus ní raibh fiú leath den chomhad ann an uair roimhe seo. Seo daoibh arís é, san iomlán.

Podchraoladh Caoga a Trí (13:58)

Sunday, September 24, 2006

Oíche na Scannán ag an Leabharlann

Léiríodh Féile Scannánaíochta Inse Fada oíche bhreá ag leabharlann Phort Washington an tseachtain seo. Rinne Séamas Ó Neachtain agus Lugh De Paor ceol ann, roimh na scannáin, agus léigh Séamas dán nua a chum sé don ocáid. Podchraoladh Caoga a Trí (13:58) Seo eolas eile Faoi na scannáin.

Sunday, September 17, 2006

Úrscéal as Gaeilge ón bhFionlainn le Panu Petteri Höglund

Agus sinne ag caint faoin scríbhneoiríocht as Gaeilge, ní mór dúinn caint faoi Phanu. Tá Panu ina dhuine mór le rá le fada an lá ar an idirlíon. Fear ildánach gan aon agó is ea é. Tá ailt aige faoi beagnach gach aon ábhar. Scríobh sé úrscéal as Gaeilge, TACHTAIMIS AN GRÁ SIN, b'fhéidir cúig bliana ó shin. Ba é Panu an chéad duine a scríobh blog as Gaeilge, go bhfios dom. Seo an ceann atá aige faoi láthair, Seo Panu ag labhairt. Bhuail mé le Panu ar dtús ar na liostaí listserve anseo, timpeall deich mbliana ó shin. Go maire tú, a Phanu! Podchraoladh Caoga a Dó (15:17) Puhuuko kukaan täällä suomea? En ymmärrä!

Saturday, September 09, 2006

Caoga a hAon - Saothar in Aisce?

Ag déanamh tráchta ar an dtrácht a rinne Conn ormsa ar an Imeall, agus a déanamh machnaimh ar chúrsaí Gaeilge, agus ar chothrom an lae, 9/11. Podchraoladh Caoga a hAon (12:57) 'S Mó Damanta Cróga Nua Eabhrac

Saturday, September 02, 2006

Podchraoladh Caoga: Saothar ar Bun

Seo é anois, an caogadú eagrán den phodchraoladh seo! Tá an chéad chaoga ar fáil uaim ar dhlúthdhioscaí (naoi gcinn!) mar chomhaid mp3, má tá suim ag éinne. Scríobh chugam ag JamusN@aol.com. Léim sliocht as an úrscéal stairiúil atá idir lámha agam faoi láthair. Spreag an tImeall mé chun é a léamh ar an bpodchraoladh seo. Tá sé bunaithe ar shaol mo shinsir, William Keane. 'Seinm' an 'cláirseach' atá ag bun an leathanaigh sin, ar leisean é. B'as Condae an Chláir é. Podchraoladh Caoga (14:31) Déanam trácht ar an ealaíontóir Mort Kunstler.