Cumann Carad na Gaeilge

Friday, April 28, 2006

Lá na Gaeilge - Daithí Mac Lochlainn

Réitíomar go maith lena chéile, mar is gnáth, agus sinne ag caint ar Lá na Gaeilge. Is ball de Chumann Carad na Gaeilge é Daithí. Ní dóigh liom go bhfuil duine níos difriúla liomsa maidir le cúrsaí polaitiúla ná Daithí, ach buíochas le Dia, níor luaigh éinne an t-ábhar sin! Podchraoladh Tríocha a Trí (9:32) Tá Míle Fáilte ar WFUV. Bhí mise ar an glár an tseachtain seo caite, agus mar atá, bhí Hilary Mhic Shuimhne ar an gclár inniu! Má tá suim ag éinne inár dtuairimí pearsanta: Blag radacach breac-Ghaeilge Dhaithí (moonbat) Mhic Lochlainn Blag coimeádach Gaeilge Shéamais (wingnut) Uí Neachtain I bhírinne, níl baint ar bith ag Cumann Carad na Gaeilge ná Lá na Gaeilge le tuairimí polaitiúla, agus sin an fáth gur féidir linn go léir obair mhaith spraíúil a dhéanamh lena chéile.

Tuesday, April 25, 2006

Ise April - Cuid a Dó

Deireadh an chomhrá le April McCabe-Snelling ó Rockford Illinois agus sinne ag cur cúrsaí an tsaoil trí chéile. Podchraoladh Tríocha a Dó (13:09) Mar chomhtharlú, bhíomar ag caint faoi Mark Bodah, agus bhuail mé leis den chéad uair riamh Dé Sathairn ag Lá na Gaeilge, le Hilary agus mórán daoine eile (níos mó le teacht go luath faoin lá sin). Agus mar chomhtharlú eile, tá agallamh ag Conn leis ar An tImeall inniu. Tá sé cosúil le taibhreamh, nach bhfuil, a Mark? ;-)

Wednesday, April 19, 2006

Ise April - Cuid a hAon

Comhrá le April McCabe-Snelling ó Rockford Illinois. Is blogadóir í April agus an suíomh Domhan April aici. Tá peataí go leor aici, firéid ina measc. Podchraoladh Tríocha a hAon (10:09) Déanaimid tagairt do Chlár Plé Beo, Kinja agus Sheabha-seabha.

Wednesday, April 12, 2006

Agallamh le Deirdre Ní Fhaoláin

Tá Deirdre Ní Fhaoláin ag déanamh tréan-iarracht chun ath-sheilbh a fháil ar an dteanga atá ag a máthair ó dhúchas agus a mhúineadh a athair, Stan, ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín, go dtí timpeall naoi mbliana ó shin. Caint an-suimiúil léi faoi stair na Gaeilge ina líon tí féin. Is í a máthair, Áinne, an ball is sine de Chumann Carad na Gaeilge atá ann fós, bail ó Dhia uirthi. Podchraoladh Tríocha (10:43)

Friday, April 07, 2006

Críoch an Mhórshiúil

An t-anord roimh an bparáid, ar siúl ar Aibhinne a Cúig, agus ag caint le daoine in a dhiaidh. Seo deireadh na sraithe faoin mórshiúl. Podchraoladh Fiche a Naoi (10:51) Seo an bhileog a bhíomar ag tabhairt amach. Eagrán breise (speisialta) de An Gael ab ea é.

Saturday, April 01, 2006

Cloig ag Bualadh agus ag Bualadh le Daoine

Ag tabhairt amach bileog agus ag caint leis na daoine agus iad ag imeacht tar éis Aifrinn Lá 'le Pádraig. Beidh aithne agaibh ar roinnt díobh, déarfainn. Podchraoladh Fiche a hOcht (9:14) Seoltaí ón mbileog faoi Chumann Carad na Gaeilge: Podchraoladh agus Físchraoladh Filíocht An Gael Scríobh chugainn ag ballraiocht@philo-celtic.com, más mian leat bheith i do bhall den chumann - saor in aisce i mbliana!