
Bhí mé ar saoire an tseachtain seo caite, agus ar an turas sin, stad mé in Worcester Massachusetts chun mo lón a ithe i dteannta le
Cionaodh Mac Pheadair (Ken Peterson). Bhí a mhaicín Artúr leis, agus bhí mo mhac, m'iníon agus mo bhean chéile liomsa. D'itheamar i mbialann "The Emerald Isle," agus bhíomar inár suí, de thaisme, faoi chomhartha agus Gaeilge air - rud a rinne dalta Chionaoidh, mar atá. Chaitheamar tamall ag caint, agus seo dhaoibh an chéad phíosa den chomhrá sin.
Podchraoladh Daichead a Seacht (8:02)
Seo
Blag Chionaoidh.
Seo
Craobh Chonradh na Gaeilge Shasana Nua
Seo
grúpa Yahoo atá aige, agus
grúpa eile ar a bhfuil sé ina mhodhnóir.
Tá
blag ag a bhean chéile, Nicole, freisin, ach níl blag ag Artúr fós.