Cumann Carad na Gaeilge

Sunday, August 13, 2006

Cionaodh (agus Artúr), Cuid a hAon

Bhí mé ar saoire an tseachtain seo caite, agus ar an turas sin, stad mé in Worcester Massachusetts chun mo lón a ithe i dteannta le Cionaodh Mac Pheadair (Ken Peterson). Bhí a mhaicín Artúr leis, agus bhí mo mhac, m'iníon agus mo bhean chéile liomsa. D'itheamar i mbialann "The Emerald Isle," agus bhíomar inár suí, de thaisme, faoi chomhartha agus Gaeilge air - rud a rinne dalta Chionaoidh, mar atá. Chaitheamar tamall ag caint, agus seo dhaoibh an chéad phíosa den chomhrá sin. Podchraoladh Daichead a Seacht (8:02) Seo Blag Chionaoidh. Seo Craobh Chonradh na Gaeilge Shasana Nua Seo grúpa Yahoo atá aige, agus grúpa eile ar a bhfuil sé ina mhodhnóir. Tá blag ag a bhean chéile, Nicole, freisin, ach níl blag ag Artúr fós.

2 Tráchtanna:

  • ana mhaith ar fad. ba múinteoir dom é Cionaodh, agus is maith an múinteoir é, déarfainn. an-jab. conas ar chlois tú faoi? agus nach iontach é Artúr?

    By Blogger mark bodah, at 6:59 AM  

  • Duine den bhlagchruinne seo is ea Cionaodh, dar ndóigh. Ach táimid i dteagmháil lena chéile le fada mar gheall ar an scoil atá againne. Tá Artúr an-deas ar fad.

    By Blogger Séamas Poncán, at 9:15 AM  

Post a Comment

<< Home