Cumann Carad na Gaeilge

Monday, July 31, 2006

I nDílchuimhne ar Thurloch Ó Maolchraoibhe

Chaill mé comhaid an tseachtain seo caite, ach i bhfad níos measa, chaill mé cara. Bhí sé an-tinn ó mhí na Márta - tháinig stróc agus taom croí air, agus ní raibh sé in ann caint nó aon rud eile a dhéanamh ina dhiaidh sin. Mar sin, is fearr dó anois é. Ar dheis Dé go raibh sé. Podchraoladh Daichead a Sé (11:48) Ba bhall den chumann seo é, ball an AOH, póilín, san aerforsa, srl. Chuaigh sé go hÉirinn go minic, agus rinne sé mórán oibre do Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín óna tosach. Síocháin síoraí ar a anam. Seo Turloch agus a chara Cáiltlín ag canadh Oíche Chiúin:

0 Tráchtanna:

Post a Comment

<< Home