Cumann Carad na Gaeilge

Wednesday, January 11, 2017

Cúig Leabhar a Chuaigh i bhFeidhm Orm

Cúig Leabhar a Chuaigh i bhFeidhm Orm
Séamas Ó Neachtain
(níl sé seo foirfe, ach tá sé seo ann fúmsa)
[Iarradh orm an t-alt seo a scríobh Samhain 2015 agus níor cuireadh i gcó riamh é.  Mar sin, seo daoibh!]

Im Westen Nichts Neues (All Quiet on the Western Front) le Erich Maria Remarque (1929)

Baineann an leabhar seo le hamaideacht an chéad chogaidh dhomhanda, cinnte, ach ní leor an cur síos sin.  Is iad na daoine sa scéal, a ndaonnacht, agus na nóiméidí íogaire a fhaightear ann atá níos tábhachtaí. Tá sé faoi na saighdiúirí beaga, nár thuig faic faoi mhórscéal an chogaidh. Bíonn saol gach duine rí-thábhachtach, fiú nuair nach n-aithnítear sin. Fiú nuair a bheathaítear na canónacha leo.  Tá na daoine ag iarraidh ciall éigin a bhaint as saol atá go hiomlán as alt, agus chun teacht slán as an tubaiste.  Ag iarraidh.  An-leabhar ar fad.  Léigh sa Ghearmáinis é má tá sí agat.

Der veruntreute Himmel (Embezzled Heaven) le Franz Werfel (1939)

De thaisme, fuair mé an ceann seo sa bhun-Ghearmáinis, agus is seod iontach é. Baineann sé le bean íseal agus a droch-nia, a cheap sí go mbeadh ina shagart agus ábalta guí uirthi, mar gheall ar a cuid airgid. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá tábhacht nach dtuigeann sí féin ag an mbean shimplí seo, a bhfuil a crógacht is a heagna féin aici. Dóbair go rabhas ag gol i lár an scéil, agus bhraith mé uaim an saol seo ag a dheireadh. Is minic nach mbíonn an caith caillte in aon chor i saol an duine.

The Power and the Glory le Graham Greene (1940)

Úrscéal iomráiteach eile é seo, faoi Mheicsiceo sna 30í, am a raibh rialtas sóisialach ag cur géarleanúna ar an Eaglais. Aimsir olc, ach bhí daoine maithe ann a sheas a bhfód in éadan an olcais. Agus daoine nach raibh chomh maith sin, freisin. Scéal faoi shagart lochtach, agus an dóigh a dhéanann Dia agus an duine maitheas iontach in ainneoin an uile fhabht. Seo an saol mar atá, seachas mar a b'fhearr linn. Is uirlisí neamhfhoirfe sinn uile, ach is féidir linn seasamh maith a dhéanamh sa saol seo, nó fiú seasamh lag a dhéanann a mhaith féin.

Witness le Whittaker Chambers (1952)

Cé nach úrscéal seo, tá sé chomh corraitheach saibhir le haon úrscéal.  Ní thuigtear sa lá atá inniu ann cé chomh baolach – is chomh holc – is a bhí chomhcheilg an chumannachais idirnáisiúnta. Seo dírbheathaisnéis faoi thréimhse shaol Whittacker Chambers, a bhíodh ina chumannach sna Stáit Aontaithe, ach thit an screamh dá shúile, agus rinne sé seasamh cróga i gcás cúirte fíor-cháiliúil, in éadann na gcumannach, agus Alger Hiss go háirithe. Bhí (agus tá) naimhde go leor aige. Rinne sé an beart, ach mar a tharlaíonn go ró-mhinic, ní leor fíricí do morán daoine nuair a bhíonn dearcadh polaitiúil i gceist.

Exodus le Leon Uris (1958)

Tosnaíonn an t-úrscéal seo le scéal longa inimircigh a bhíodh na Sasanaigh ag iarraidh a chosc. Exodus ab ainm di. Gné amháin sin de mhórscéal mhuintire a raibh (is a bhfuil) beagnach gach éinne ina gcoinne. Bhí laochra ina measc, agus daoine beaga nár thuig a dtábhacht, daoine nach ndearna an rud ceart, agus daoine nach raibh ach ag iarraidh teacht slán as tubaistí na haoise.  Mar gheall orthusan, fuair cine a bhíodh faoi chois leis na cianta seilbh ar roinnt de thír a ndúchais, agus a stát féin as an nua. Tugann an scéal seo – agus iad seo go léir – dóchas dom.



0 Tráchtanna:

Post a Comment

<< Home