Cumann Carad na Gaeilge

Monday, July 13, 2009

I nDilchuimhne ar Nollaig Ó Gadhra

Fadó, fadó, bhí Lón Nollag Uí Ghadhra ar bun (16 Samhain 2008). Tháinig a chairde le chéile i Nua-Eabhrac. Bhí sé d'onóir dom bheith i m'fhear an tí, agus cúpla focal a rá as Gaeilge. Bhí daoine cáiliúla i measc lucht na Gaeilge ann, agus bhí iníon agus beantrach Nollag ann, freisin (maraon le mórán daoine eile nach mbíonn baint agam leo de ghnáth). Rinneadh físeán den ócáid ar fad. Bhí sé ar intinn agam mo thaifead féin de a chur ar an bpodchraoladh seo, ach ní dhearna mé é, agus níl agam ach Siobhán agus cúpla focal de mo chuid féin. Tá Béarla ann den chuid is mó ar mo thaifead féin. Ach faoi dheireadh, agus mar sin, seo dhaoibh é. Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)

Labels:

1 Tráchtanna:

Post a Comment

<< Home