Cumann Carad na Gaeilge

Monday, February 25, 2008

Fís Ghaeilge Mhericeá Thuaidh - An Seoladh, Cuid a Dó

Óráid Lorcáin Mhic Ghabhainn, ag an seoladh mí Feabhra. Podchraoladh Céad is a Ceathair (11:49)

Monday, February 18, 2008

Fís Ghaeilge Mhericeá Thuaidh - An Seoladh, Cuid a hAon

Nochtadh an scéal go hoifigiúil faoin gcomhdháil atá le teacht 16-18 Bealtaine anseo i gCathair Nua-Eabhraic, atá á reachtáil ag Glór na nGael agus Cumann Carad na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile i Meiriceá. Bhí an seoladh ag an Irish Arts Center, agus bhí Elaine Ní Bhraonáin ina bean an tí. Thug an Dochtúir Máire Ní Annracháin an chéad óráid, atá le cloisteáil san eagrán seo.

Podchraoladh Céad is a Trí (18:13)

An Dr. Máire Ní Annracháin ag cur daoine in aithne a chéile agus iad ag teacht isteach don ocáid. Tá Lorcán Mac Gabhann ó Ghlór na nGael taobh léi (ar dheis).

Gearóid Ó Ceallaigh ó Chumann Carad na Gaeilge ag caint le Bean Uí Chaollaí

Elaine Ní Bhraonáin ag cur an leasardchonsul Breandán Ó Caollaí in aithne don lucht éisteachta.