Cumann Carad na Gaeilge

Monday, January 28, 2008

Daragh Ó Tuama ó Ghlór na nGael - Cuid a Dó (Críoch)

An dara leath den chomhrá a bhí againn le Daragh Ó Tuama ó Ghlór na nGael.

Podchraoladh Céad is a Dó (8:19)


Gearóid Ó Ceallaigh agus Daragh Ó Tuama

Sunday, January 20, 2008

Daragh Ó Tuama ó Ghlór na nGael - Cuid a hAon

Bhí Daragh ar cuairt i Nua-Eabhrac le déanaí, agus bhí deis agam agus ag Gearóid Ó Ceallaigh, mar ionadaithe ar son an chumainn seo, bualadh leis. Seo cuid a haon de agallamh a rinne mé leis. Podchraoladh Céad is a hAon (15:26)

Saturday, January 12, 2008

Uimhir a Chéad! Agus Des Bishop, Leis!

Seo an céadú eagrán den phodchraoladh seo. Dhí há! Bíodh ceiliúradh againn! Agus de thaisme, bhí an fear grinn Des Bishop ar cuairt ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibíin an tseachtain seo. Rinne mé agallamh leis. Faraor, ní raibh deis agam taifid a dhéanamh dá gcairde a bhí ann i dteannta leis, daoine Gaeltachta iad go léir. Bhí siad ag obair ar chlár teilifíse atá le teacht, ar RTÉ. Podchraoladh a Chéad (15:53) Seo Des ar Youtube. Molaim an ceann faoin modh coinníollach, agus an rap Léimigí Thart! (Is iad Pádraig Ó Clumháin, Lugh De Paor, Réamonn Ó Cléirigh, Daithí Mac Lochlainn agus Gearóid Ó Ceallaigh na daoine eile a bhfuilim ag caint leo san eagrán seo, múinteoirí ag SGGT iad go léir).