Cumann Carad na Gaeilge

Monday, July 31, 2006

I nDílchuimhne ar Thurloch Ó Maolchraoibhe

Chaill mé comhaid an tseachtain seo caite, ach i bhfad níos measa, chaill mé cara. Bhí sé an-tinn ó mhí na Márta - tháinig stróc agus taom croí air, agus ní raibh sé in ann caint nó aon rud eile a dhéanamh ina dhiaidh sin. Mar sin, is fearr dó anois é. Ar dheis Dé go raibh sé. Podchraoladh Daichead a Sé (11:48) Ba bhall den chumann seo é, ball an AOH, póilín, san aerforsa, srl. Chuaigh sé go hÉirinn go minic, agus rinne sé mórán oibre do Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín óna tosach. Síocháin síoraí ar a anam. Seo Turloch agus a chara Cáiltlín ag canadh Oíche Chiúin:

Sunday, July 23, 2006

Gnáth-oíche Dhéardaoin, Cuid a hAon

Cá raibh Lugh ag an bhféile Sláinte? Ceist sin agus ceist na gruaige á bplé ag Séamas Ó Neachtain, Lugh De Paor, Pádraig Ó Clúmháin agus Réamonn Ó Cléirigh, ag halla an AOH tar éis na ranganna ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín. Podchraoladh Daichead a Cúig (13:11) N.B. - Ní bheidh cuid a dó ann...úps.

Monday, July 17, 2006

Féile "Éireannach" Sláinte

Féile cheoil srl. is ea an fhéile seo. Seo an dara bliain in Patchogue. Bhí ceann ag na daoine céanna cúpla uair in Port Jefferson. Podchraoladh Daichead a Ceathair (10:32) The Sláinte Irish Festival

Saturday, July 08, 2006

Eachtraí ar Saoire, An Dara Leath

Fós ag caint leis na hainmhithe. Níl na cloig i siopa na gcoinnle an uair seo, ach ar inneall traenach! Podchraoladh Daichead a Trí (10:11) Iarnród Strasburg

Monday, July 03, 2006

Eachtraí Ar Saoire i bPennsylvania, Cuid a hAon

Bhí mé i mo Dhochtúir Doolittle ann, agus mé ag caint leis na hainmhithe. Ní deir an bhó mú, an chuid is mó den am! Podchraoladh Daichead a Dó (12:58) Kitchen Kettle Village Tír na nÁmach (The Amish Country)