Cumann Carad na Gaeilge

Monday, March 27, 2006

An tAifreann - cuid a dó (deireadh)

Aifreann Lá 'le Pádraig, ón gCré ar aghaidh. Ceol breá agus guthanna áille ag guí as Gaeilge i Nua-Eabhrac. Podchraoladh Fiche a Seacht (27:40) Tugtar faoi deara go bhfuil téacs an Aifrinn ar fáil anseo, ag Philo's Little Helper. Buíochas mór leis na daoine a rinne an obair chun an tAifreann seo a chur ar siúl.

Thursday, March 23, 2006

Aifreann Naomh Pádraig, Cuid a hAon

Seo an dara cuid den tsraith faoinár n-eachtraí ar Lá 'le Pádraig, 2006, i gCathair Nua-Eabhraic. Seo daoibh an chéad leath den Aifreann Caitliceach as Gaeilge. Podchraoladh Fiche a Sé (17:41) Fógraíodh go raibh an tAifreann seo le tarlú ar chlár plé Dhaltaí na Gaeilge, agus scaipeadh an scéal. Dobair nach ndearnadh é i mbliana, ach rinne daoine díograiseacha an obair, agus táimid buíoch díobh uile.

Sunday, March 19, 2006

Uimhir 25: Filleann an Cumann ar an Mórshiúl

Ceiliúradh ar uimhir 25 den phodchraoladh seo. Dán ar ócáid an chéadú podchraolta le Conn ar an Imeall. Agus an chéad chuid de sraith faoinár n-eachtraí ar Lá 'le Pádraig, 2006, i gCathair Nua-Eabhraic. Podchraoladh Fiche a Cúig (9:28) Dán nua: Aoibhinn Beatha Phodchraoltóra

Thursday, March 16, 2006

Comhrá le Hilary NY (Hilary Mhic Shuibhne)

Cé go bhfuilimid araon inár gcónaí i Nua-Eabhrac, ba dheacair go leor dúinn teacht le chéile, ach d'éirigh linn faoi dhearadh! Comhrá le Hilary faoi Dhaltaí na Gaeilge, Oíche na Gaeilge ag Cumann Chiarraí, a Scoil Chois Claí, an mórshiúl Naomh Pádraig i Nua-Eabhrac, a blag Hilray NY, agus cúpla rud eile, muis! Is deas aithne níos fearr a fháil ar dhuine denár mblagadóirí Gaeilge. Le cúnamh Dé, gheofar aithne ar dhaoine eile díobh sul i bhfad! Podchraoladh Fiche a Ceathair (23:17) Blag Hilary Fuair Daltaí na Gaeilge duais ó Ghlór na nGael.

Saturday, March 11, 2006

Comhráite le Mairtín agus Bríd Neosel

Bhí siad as cleachtadh agus ní raibh aon choinne acu go raibh duine chun agallamh a chur orthu, ach mar sin féin, bhí comhráite maithe agam le Mairtín agus Bríd (cé go raibh torann mór ann ó phíb ó Galicia!). Ní minic a bhíonn deis acu caint as Gaeilge. Ach d'fhoghlaim Mairtín a chuid Gaeilge anseo i Meiriceá - óna mháthair. Is as Éirinn ise. Podchraoladh Fiche a Trí (15:13)

Monday, March 06, 2006

Comhrá le Tomás Munsch

Is foghlaimeoir Meiriceánach é Tomás. Caint spéisiúil faoin nGearmáinis go háirithe atá san eagrán seo. Podchraoladh Fiche a Dó (11:33) Naisce eile: Deutsche Welle Deutsche Welle Langsam Gesprochene Nachrichten Canúintí na Gearmáinise (as Béarla) Sinne Físchraoladh a Dó (tá trí cinn ann anois!)